Ranganna Maidne

Bíonn ranganna foirmeálta ar siúl sa choláiste ó Luan go Satharn gach seachtain. Cuirtear ranganna ar fáil ar achan leibhéal ó bhunleibheál go dtí ranganna ardteiste. Socraítear ranganna de réir aoise agus ábaltachta. Déanann an coláiste gach iarracht an rang ceart a aimsiú don scoláire. Má tharlaíonn sé go bhfuil scoláire ar leibhéal níos airde na a c(h)omhscoláirí is féidir go minic ranganna a athrú sa dóigh is go mbeidh sé/sí ábalta lán-tairbhe a bhaint as an chúrsa. Tá sé tábhachtach a thuiscint nach bhfuil sna ranganna ach cuid bheag den chúrsa. Tá achan cuid den chúrsa dírithe ar labhairt agus cleachtadh na Gaeilge. Má tá scoláire ag iarraidh feabhas a chur ar a c(h)uid Gaeilge ní mór dóibh Gaeilge a labhairt an lá ar fad le gach duine. Cuireann muid béim mhór in Árainn Mhór ar dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid i suíomhanna sultmhara, sóisialta . . . ’sé sin, mar theanga bheo!

  • Oral Irish accounts for 25% of leaving cert grade.
  • Irish taught through games and fun activities.
  • Students are placed in classes according to age and level.